An Dúshlán

Ceann de na nithe is dúshlánaí faoin tabhairt faoi phlean teanga ná do phobal teanga a aimsiú.  Tá pobal tíreolaíoch ann agus tá pobail labhartha ann. Is deacair an pobal labhartha a thomhais go beacht toisc an éagsúlacht iompair a bhaineann leis.

Tá gach pobal comhdhéanta de phobail gnó, eaglasta, sóisialta, agus oideachais mar phríomhaonaid an phobail. Laistigh de na haonaid seo tá fo-aonaid tá grúpaí, coistí, comharchumainn, comhair creidhmheasa, naíonra agus araile. Sé an dúshlán ná iad seo araon a chur ag obair le chéile leis na cuspóirí céanna teangeolaíocha – in aon fhocal amháin CAIRT.

Seachas reifreann a bheith i bpobal maidir le cén nósmhaireacht teanga a thoileodh an pobal mar bhranda, chuideodh CAIRT le pobal a chur ar an intinn céanna.  Tabharfar sampla de chairt ar ball.

Bhuel, an chéad cheist ná “Céard atá uainn?”   Ag úsáid slat tomhais leathan, seo na roghanna.

1. Pobal Gaeilge – nósmhaireacht 100% Gaeilge sa phobal idir seirbhísí, scríobh, cómhra,   (Dodhéanta mar sprioc?)

2. Pobal dá-theangach leis an nGaeilge in uachtar? “Gaeilge nuair is féidir, Béarla nuair is gá” . Abair 80% Gaeilge, 20% Béarla.

3. Pobal dá theangach le Béarla in uachtar, abair 60% Béarla agus 40%.  Seans gur seo an stadas atá coitianta i go leor pobail Ghaeltachta.

4. Béarla amháin.

Má fágtar 4 ar lár , mar ní doigh go mbeadh sé mar rogha ag aon phobal Gaeltachta, fágtar 1, 2, 3.  Sa staidéar a rinneadh ar an nGaeltacht um 2007 ( tá an t-am ag imeacht!) tugadh catagoirí pobail orthu agus bheadh 1 thuas ag baint le catagóir A.

An Chairt

Céard a bheadh inti?

1. Aontas i bprionsabail sa phobail faoi an chonair nó treo teanga atá ag iarradh a dhul

2. Spriocanna soiléire sonracha teanga

3. Plean faoi tabhairt faoi

4 Treimhse ama in bhféadfaí an plean a chur i bhfeidhm

5 Costas – meastacháin ar céard a chosnódh sé – níl aon chóras pleanála gan chostas.

 

Tugtar cuireadh dhuit mar aonarán nó mar choiste do mholtaí d’ábhair CAIRTE a liostáil anseo: CAIRT (cnágáil ar an nasc)