Rory O’ Connor…cara a spreag.

galway2040

Bhásaigh Rory O’ Connor iar-cheannasaí ar Hewlett Packard i nGaillimh le gairid. Beannacht Dé air.  Bhí samhail ag Rory do Ghaillimh sa bhliain 2040 agus bhí sé ar duine de bhunaitheoirí an láithreáin www.galway2040.ie. (nach bhfuil ag feidhmiú faoi láthair, faraoir.)  Thuig Rory an tábhacht a bhain agus a bhainfidh le Gaeilge don Chathair agus bhí sé báúil léí mar theanga.  Tá na síolta le cur anois má tá Gaeilge le bheith mar “imreoir” i gcomhdhéanamh na Gaillimhe sa bhliain 2040.  I measc na rudaí atá de dhíth orainn inniu ná:

 

  1. Aitheantas oifigiúil  do Ghaillimh mar chathair dá-theangach.  FAIGHTE 2016!
  2. Stadas do Ghaillimh mar chathair seirbhíse Gaeilge don Ghaeltacht. AG TOSÚ 2017!
  3. Cathair ina ndéanfar “normalú” ar Ghaeilge in imeachtaí laethúla na cathrach ag an léibhéal eaglasta, gnó, sóisialta agus oideachais ó aoise réamhscoile go dtí an triú léibhéal.
  4. Go dtabharfar aitheantas ar leith do na pobail Ghaeltachta a chur futhu i mbruachbhailte ar fud na cathrach.

 

Bhí leathanach ar an láithreán Galway2040 tugtha don Ghaeilge, is leideoir atá ann ar na bealaí gur féidir le muintir na cathrach aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha a chuideodh leis an bhfís a bhí ag Rory a chur i gcrích.