Cur agus cúiteamh

In aon phroiseas pleanála teanga beidh cur agus cúiteamh agus ceisteanna móra le freagairt. Céard é an pobal agus a limistéir, mar shampla? Céard iad na spriocanna sonracha teanga atá againn? An cuma linn bealach amháin nó bealach eile? Más cuma an bhfuil an tiomáint ionainn aon ní a dhéanamh faoi agus má tá, conas?

Cé go bhfuil go leor againn go mór i gcoinne maorlathas agus ardlathas sa saol i gcoitinne, tá maorlathas, infheistíocht ama agus ardlathas ag baint leis an bpleanáil teanga. Ní tharlóidh sé uaidh féin! Beidh struchtúr i gceist, plean, feidhmiú an phlean, scåla ama don phlean, monatóireacht rialta air agus thar aon ní eile ÚINÉIREACHT an phobail ar an bplean. Ní beag an méid sin agus caithfear an toil a aimsiu chuige. Toil an phobail lena mbaineann an plean.

An bhfuil toil pobail iontomhaiste? Tá – an freagra gearr, go háirithe anois san aois teicneolaíochta a cheadaíonn dúinn an tomhais sin a dhéanamh inter alia go leictreonach. I measc na n-uirlisí nua atá againn tá Facebook, Twitter, ephost, ceistiúchán, téacsáil, bufferapp (córas a cheadaíonn duit tuiteáil ar sceideal agus a dhéanann tomhais ar an bhfreagairt a thagann chugat). Anuas orthu seo uile tá an blag nó an láthreáin gréasáin a thugann guth do phobal agus atá faoi smacht an phobail. Níl sárú, ámh, ar an gnáth chomhrá sa siopa, tar éis an aifrinn, nó sa phub chun cluas le talamh a choinneáil.

Muna bhfuil toil agus díogras pobail laistiar den phleanáil teanga tá do chás rite sula a dtosaíonn tú.