Anamlón

briandarcy2Lá Nollag. Lá mór creidimhe. Tugadh leabhar an tsagairt Brian D’Arcy Food for the Soul dhom mar bhronntanas agus táim á léamh de réir a chéile. Tagraíonn sé don meath atá tagtha ar an Eaglais Chaitiliceach in Éirinn.  Déanaim ionannas idir cúrsaí creidimhe agus teanga. Le go mbeidh rath i ndán do theanga caithfidh duine creideamh a bheith aige inti.

Measaim go bhfuil an chreideamh i nGaeilge sa tír go mór in easnamh inniu seachas b’fhéidir i gcúinní bheaga de na Gaeltachtaí is láidire. Iontu sin tá creideamh na haoise agus an traidisiúin ach níl rath i ndán do na pobail Ghaeltachta sin gan tacaíocht agus comhairle stuama teangeolaíche.

Is easca an patrún a aithint.  Tá muid timpeallaithe ag teicneolaíocht idir ríomhaire, teilifíseáin, fearas teicneolaíochta den uile chineál a chuidíonn, deirtear, le cumarsáid. An fhadhb ná go bhfuil an chumarsáid sin go príofa as Béarla. Tá saol an gnáth chomhrá idir gnáth dhaoine ag imeacht, agus ar mhaithe leis an nGaeilge caithfidh sin a theacht ar ais. Is ait liom mar dhuine atá chomh tógtha sin leis an teicneolaíocht agus na deiseanna a bhronann sí go bhfuilim ag caitheamh anuas uirthi mar a bhaineann le buanú na Gaeilge. Bhuel, nílim go hiomlán, mar feicim ar an lámh eile tarrtháil na Gaeilge freisin trí dea-úsáid na teicneolaíochta seo freisin.  Tá acmhainn ann cheana féin, agus táthar ag obair air faoi láthair chuile leabhar a foilsíodh riamh, i saol an duine daonna go nuige seo, a cheapadh anois  go digiteach. Smaoinigh ar an saibhreas téarmaíochta a bheadh ins na leabhair Ghaeilge a foilsíodh leis na céadta bliain anuas maraon leis an corpas focal a chuirfeadh siad ar fáil.

 

Má samhlaítear ar feadh bomaite líon na leabhar Béarla, agus teangacha eile a foilsíodh ón am a ceapadh focail le scríbhneoireacht ar dtús agus má cuirtear i gcomparáid iad leis an méid atá scríofa sa Ghaeilge, feicfear go bhfuil teanga beag s’againne ar an ngannchuid.  Tá sé níos tabhachtaí ná riamh dá réir go mbeadh muid spreagtha le ábhar a sholáthar agus a ghin as Gaeilge ar dtús agus go mbeadh an Ghaeilge mar an teanga cruthaitheach. Gan athrú agus treoir bunúsach den saghas sin ní ó neart go neart a bheidh an Ghaeilge ag dul.