Bí ag scríobh as Gaeilge!

scriobhTá aithne agam ar roinnt scríbhneóirí sa Ghaeilge a d’admhódh nach bhfuil mórán cur amach acu ar ghramadach na Gaeilge. Ar bhealach, is cuma faoi sin mar sé an rud is tabhachtaí faoi aon phíosa scríbhinn ná an coincheap nó an smaoineamh féin.  Má cheapann tú an smaoineamh, fiú le droch litriú agus gramadach, tá sin  i bhfad in Éirinn níos fearr ná gan an smaoineamh a cheapadh in aon chor. Is cúram d’eagarthóir slacht agus snas a chur ar phíosa scríbhinn an “glanadh suas” mar a déarfá.  Sé an pointe atá agam ná nach mbeadh easpa gramadaí ag cur isteach ort má tá fonn ort a bheith ag scríobh as Gaeilge.  Chuile sheans, go bhfuil an mír seo fiú breac le mí-chruinnis ach ní féidir ach do dhícheall a dhéanamh agus leas a bhaint as na háiseanna úra is an déanamh sin.

Aon duine a bhíonn ag scríobh as Gaeilge agus ceangal idirlín acu is féidir leo leas iontach a bhaint as www.focal.ie agus An Foclóir Beag (déan Google air!)  Seo áiseanna a chuideoidh le do scríbhinn ar mórán bhealaí.  Is cúnamh iad le comhréir, litriú agus pointí gramadaí ach caithfidh tú an dua a chur ort féin iad a úsáid. Abair go bhfuil tú ag scríobh míre, seo moladh mar mhod oibre. Oscail focal.ie agus An Foclóir Beag agus laghadaigh iad ag bun an scathláin. Níor a thagann ort le litriú nó rud éigin “dúisigh” nó oscail an foclóir agus gan aimhreas tiocfaidh sé i gcabhair ort.  Tá leagan leicteonach fiú den Duinníneach ar fáil, déan cuardach air trí Ghoogle.Caith súil freisin ar www.scriobh.ie – a chur an graific uildathach thuas ar fáil.

Le himeacht ama aithneoidh tú na botúin rialta a thagann do threo agus tosóidh do chumas scríobhneoireachta ag feabhsú.

Bain triail as.