Trí cheist shimplí

ceistLe go mairfidh teanga tá dhá bhun riachtanas aici; i) úsáid agus ii) tairseach chriticiúil.  Muna bhfuil daoine daonna ag teanga ní mhairfidh sí, muna bhfuil dothain daoine ag úsáid na teanga ní mhairfidh sí ach an oiread. Le gairid d’iarr an Pápa Proinsias ar aonaráin an domhain feidhmiú thar ceann síocháin an domhain, is féidir an iarratas céanna a dhéanamh ar aonaráin na Gaeilge, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuileadar, an beart teangeolaíoch céanna a dhéanamh.  Más uait go mairfidh do theanga tosaigh ag baint úsáid aisti.

 

Um 1967 chum eolaí teanga William Mackey ceistiúcháin a dhéanfadh tomhais ar úsáid theanga X thar teanga Y.  Theastaigh uaidh córas a chur lé chéile le miosúr a dhéanamh ar an bpríomh úsáid teanga a  bheadh ag duine dá theangach. I gcás na hÉireann, mar shampla, bheadh sé ag déanamh anailíse an Gaeilgeoir le Béarla thú nó an Béarlóir le Gaeilge thú.  Aon duine gur tógadh le Gaeige go heisiach, abair duine as pobal Gaeltachta, is féidir leo éileamh, creidim, gur Gaeilgeoir le Béarla iad. Aon duine a d’fhoghlaim Gaeilge, is féidir a rá gur Béarlóirí le Gaeilge iad. An cuma? Beidh tairseach chriticiúil na Gaeilge ag brath amach anseo ar dhaoine nach bhfuil ag úsáid na Gaeilge inniu.

 

Ar aghaidh go dtí na ceisteanna, más ea:

 

Q1  Cén líon daoine gur Gaeilge a úsáideann tú leo go heisiach inniu?

Q 2 Cén líon daoine go núsáideann tú idir Ghaeilge agus Béarla leo inniu?

Q 3 Cén líon daoine i do shaol gur Béarla amháin a úsáideann tú leo?

 

Má tá do fhreagra ar cheist 3 ard, tá athrú treo teangeolaíche de dhíth ort.

 

Má tá tú mar aonarán le bheith diósgraiseach faoi bhuanú na Gaeilge, ní miste do chuid fuinnimhe a dhíríu ar Q1 agus Q2!

 

Aon phobal atá ag pleanáil don thodchaí an teanga Gaeilge sa phobal ní féidir leo neamhaird a dhéanamh den trí cheist shimplí seo.