Gnó na Gaeilge

fearmacnaimhMá tá pobal chun aghaidh a thabhairt ar phlean Ghaeilge nó an pleanáil teanga i gcoitinne tá roinnt réamh-mhacnamh le déanamh.  Tá roinn de na pointí seo clúdaithe cheana sna míreanna atá scríofa anseo, ach ar mhaithe le athbheimniú seo arís iad:

Q1  Céard é an pobal?

Q2 Cén fís teangeolaíche atá an don phobal? (Is féidir fís forbartha a bheith céim ar chéim le fís teangeolaíche, go minic is deacair an dá rud a scaradh.

Q3 Céard iad na struchtúr atá cheana féin sa phobal a bheadh báúil le pleanáil teanga?

Q4 Cén bealach an mbaileofar faisnéis chun tomhais a fháil ar bharúil an phobail?

Q5 Cén chaoi a nginfear dibhearceacht (focal deas as Tír Chonaill ar dúil nó d’áiríreacht ) sa phobal don bpleanáil teanga?

Q6 Cén chaoi an earcofar daoine ag gach léibhéal sa phobal a bheith dílis don phlean?

Tagann gach ní as an bplé.  Caithfear ceist teanga a bheith mar ábhar plé i bpobal díreach mar a bheadh scéim uisce nó searcháis, forbairt páirc peile nó halla pobail.  Gan toil pobail a bheith taobh thiar de phlean, ní rath a bheidh i ndán don phlean.